Is stát é Virginia atá suite in oirdheisceart na Stát Aontaithe. Is é Richmond príomhchathair an stáit, ach is é Virginia Beach an chathair is mó. Úsáidtear an giorrúchán VA don phost. B'iad na Spáinnigh an chéad dream ón Eoraip a tháinig i dtír san áit a bhfuil Virginia inniu, sa bhliain 1565. D'éirigh siad mór le fear óg de threibh na bPowhatan, agus rinne siad …Is stát é Virginia atá suite in oirdheisceart na Stát Aontaithe. Is é Richmond príomhchathair an stáit, ach is é Virginia Beach an chathair is mó. Úsáidtear an giorrúchán VA don phost. B'iad na Spáinnigh an chéad dream ón Eoraip a tháinig i dtír san áit a bhfuil Virginia inniu, sa bhliain 1565. D'éirigh siad mór le fear óg de threibh na bPowhatan, agus rinne siad Críostaí de. Nuair a chuaigh an tonn bhaiste air, is é an t-ainm a fuair an buachaill ná Don Luis. Thoiligh Luís aghaidh a thabhairt ar an Spáinn agus oiliúint an tsagairt a tharraingt air féin, ionas go mbeadh sé ina mhisinéir i measc a mhuintire. Nuair a d'fhill Don Luis go tír na bPowhatan sa bhliain 1570, áfach, is é an rud a rinne sé ná nósanna na Spáinneach a thréigean agus feall a imirt orthu: mharaigh na Powhatan faoi cheannas Don Luis ochtar Íosánach a bhí ina misinéirí sa réigiún. Nuair a chuala rí na Spáinne iomrá air seo, chuir sé fórsa sluaíochta go tír na bPowhatan le díoltas a imirt ar na bundúchasaigh. Chroch na saighdiúirí Spáinneacha daoine de na cogaithe a bhí páirteach sa dúnmharú, ach níor tháinig siad riamh ar Don Luis. Creidtear gurbh ionann Don Luis agus Opechancanough, taoiseach a bhí i gceannas ar chónaidhm na bPowhatan nuair a tháinig na coilínithe ó Shasana lena n-áitreabh féin a bhunú i Virginia.