Is stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Missouri, atá suite i lár na tíre. Jefferson City an phríomhchathair, agus Kansas City an chathair is mó. Tá an chathair mhór St. Louis suite sa stát freisin, agus ritheann na haibhneacha Missouri agus Mississippi tríd an stát.