Is tír san Meánoirthear í Poblacht Arabach na Siria, nó an tSiria de ghnáth. Tá sí ag críochantacht leis an Liobáin san iarthar, Iosrael san iardheisceart, an Iordáin sa deisceart, an Iaráic san oirthear agus an Tuirc sa tuaisceart. Tá an chuid is mó den Ghólan, in iardheisceart na tíre, faoi fhorghabháil ag Iosrael ó 1967.